I gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, ordaíodh d'fhear 39 bliain d'aois fanacht amach ó ionaid ina bhfuil dídeanaithe ina gcónaí agus gan feidhm a bhaint as na meáin shóisialta fad is atá sé amuigh ar bannaí.

Tugadh Graham Carey, as Céide Dhún Sinche i bhFionnghlas i mBaile Átha Cliath, os comhair na cúirte agus é cúisithe i gcion faoin Acht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha.

Cuireadh ina leith gur roinn, gur thaispeáin nó gur sheinn sé taifeadadh d'ábhar bagrach, maslach nó aithiseach trí lá ó shin.

Dúradh sa chúirt nuair a cuireadh an chúis ina leith go ndúirt Graham Carey "go raibh ciall cheannaithe aige, nach dtarlódh sé arís agus gur cur chuige éagsúil a bheadh aige feasta."

Baineann an scéal le fiosrúchán atá ar bun ag na Gardaí faoi agóidí in aghaidh na hinimirce agus faoi ábhar a d'fhéadfadh a bheith mídhleathach atá nó a bhí á chraobhscaoileadh ar líne.

Chomh maith leis an ordú fanacht amach ó ionaid do dhídeanaithe agus gan feidhm a bhaint as na meáin shóisialta, scaoileadh Graham Carey amach ar bannaí ar chuntar go bhfanfadh sé sa bhaile idir 9 a chlog san oíche agus 6 a chlog ar maidin agus nach nglacfadh sé páirt in agóidí ná slógaí d'aon chineál.

Tá sé le teacht os comhair na cúirte arís ar an 28 Aibreán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ