Deir oifigigh sna Stáit Aontaithe gur gléas brathadóireachta is ea an balún atá ag foluain os cionn iarthar na tíre le cúpla lá anuas.

Tuairimítear gur ón tSín a tháinig an balún agus gur beag an gar atá ann ó thaobh bailiú faisnéise de.

Mar sin féin, deirtear gur dána an mhaise do na Sínigh "an tsúil sa spéir" a chur ag fónamh agus Runaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken ar tí dul ar cuairt go Béising.

Tuigtear nach gcuirfidh aerfhórsa Mheiriceá an balún go talamh go fóill mar nach féidir a bheith cinnte de cén áit go baileach a dtiocfadh an smionagar anuas.

Tháinig an scéala faoin mbalún agus ceannasaí an CIA William Burns ag labhairt ag ócáid i Washington ar an mbagairt ón tSín.

Thug Rialtas na Síne le fios ar an gcéad dul síos go raibh siad ag féachaint leis an scéal a dheimhniú óna dtaobh siúd de agus mhol siad gan áibhéil a dhéanamh faoi.

Tráthnóna, dúirt na Sínigh gur aerlong shibhialtach a cuireadh dá cúrsa atá sa bhalún.

Tá sé tugtha le fios ag Rialtas Cheanada go bhfuil nó go raibh balún "brathadóireachta" - nó b'fheidir péire - ag foluain os cionn na tíre sin freisin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ