Tá an Tánaiste agus tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin i mBéal Feirste inniu, mar a mbeidh cainteanna aige le ceannairí na gcúig phríomhpháirtí polaitíochta sa Tuaisceart.

Cruinnithe muin ar mhuin a bheas aige le Michelle O'Neill ó Shinn Féin, Jeffrey Donaldson ón DUP, Naomi Long ó Pháirtí na Comhghuaillíochta, Colum Eastwood ón SDLP agus Doug Beattie ó Pháirtí Aontachtach Uladh.

Pléifidh siad an t-aighneas faoi Phrótacal an Tuaiscirt agus ceisteanna eile a bhaineann le Feidhmeannas Stormont a athbhunú.

De réir an phrótacail, caithfear earraí áirithe a chuirtear chun an Tuaiscirt ón mBreatain a sheiceáil sula ligfear isteach i margadh aonair an Aontais Eorpaigh iad.

Deir an DUP go mbaineann an prótacal an bonn de stádas bunreachtúil an Tuaiscirt taobh istigh den Ríocht Aontaithe agus go gcuireann sé isteach ar thrádáil idir an Tuaisceart agus an Bhreatain.

Tá sé ráite go neamhbhalbh ag an DUP nach nglacfaidh siad páirt i bhforais Stormont arís nó go leasófar an prótacal.

Tuigtear go bhfiafróidh Jeffrey Donaldson den Tánaiste an bhfuil rún ag Rialtas na hÉireann fiosrúchán a bhunú faoi bhuamáil na hÓmaí i 1998 le rún fáil amach an raibh aon deis ag na húdaráis sa Stát seo teacht roimh an ionsaí.

Inné, d'fhógair Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris go raibh fiosrúchán neamhspleách faoin mbuamáil le bunú ag Rialtas na Breataine.

Ar an 15 Lúnasa 1998, maraíodh 29 duine agus gortaíodh na céadta nuair a phléasc buama ollmhór i ngluaisteán a bhí fágtha i lár na hÓmaí ag an ngrúpa dá ngairtí an Fíor-IRA. Bhí bean a bhí le cúpla a bhreith gan mhoill i measc na marbh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ