Tá an tAontas Eorpach le tuilleadh smachtbhannaí fós - an deichiú dreas - a chur ar an Rúis faoin 24 Feabhra, bliain cothrom an lae ó rinne na Rúisigh ionradh ar an Úcráin.
Is í Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen a d'fhógair an nuacht inniu agus í ar cuairt ar phríomhchathair na hÚcráine, Cív, mar a raibh cruinniú aici le hUachtarán na tíre Volodymyr Zelensky.
In éiric ar an ionradh, a dúirt sí, cuirfidh ballstáit an Aontais Eorpaigh agus tíortha an G7 araon uasteorainn nua leis an bpraghas a íocfas siad as táirgí peitriliam ón Rúis.
Tá na smachtbhannaí atá i bhfeidhm cheana féin "ag creimeadh gheilleagar na Rúise" agus tá an tír "glúin ar gcúl anois" dá mbarr, arsa Ursula von der Leyen.
Mhaígh sí go bhfuil na Rúisigh ag cailleadh €160 milliún gach aon lá mar gheall ar an uasteorainn atá curtha ar an bpraghas atá siad a fháil ar tháirgí peitriliam.
Ainneoin thacaíocht seo Ursula von der Leyen, tá coimhthíos áirithe ann maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach.
Ní mór do na hÚcránaigh a chruthú go bhfuil siad ag dul i ngleic leis an éillitheacht agus go bhfuil ag éirí leo, a deirtear, sula nglacfar leis an tír mar bhallstát den Aontas.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ