Tá fiosrúchán neamhspleách faoi bhuamáil na hÓmaí i 1998 le bunú ag Rialtas na Breataine.

Thug Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris le fios go ndearnadh an cinneadh i bhfianaise rialú cúirte a d'ordaigh fiosrúchán de chineál éigin a chur ar bun.

Is é Michael Gallagher, ar maraíodh a mhac Aiden sa bhuamáil, a thug an cás cúirte.

Ar an 15 Lúnasa 1998, maraíodh 29 duine agus gortaíodh na céadta nuair a phléasc buama ollmhór i ngluaisteán a bhí fágtha i lár na hÓmaí ag an ngrúpa dá ngairtí an Fíor-IRA. Bhí bean a bhí le cúpla a bhreith gan mhoill i measc na marbh.

Dúirt Chris Heaton-Harris gur chuir sé san áireamh a raibh ó ghaolta na marbh agus ón bpobal, ceist an neamhspleáchais agus an costas nuair a bhí sé ag déanamh a mharana ar an bhfiosrúchán a bhunú.

Á fhiosrú a bheifear an bhféadfaí na buamálaithe a shárú agus a bplean a chur de dhroim seoil sular fhág siad an gluaisteán san Ómaigh, a dúirt sé.

Michael Gallagher i nGairdín Cuimhneacháin na hÓmaí

Chuir Michael Gallagher fáilte mhór roimh an gcinneadh an fiosrúchán a bhunú.

Mhaígh sé go raibh gach a raibh uathu tugtha do na gaolta ag Chris Heaton-Harris.

Dúirt sé gur fiosrúchán poiblí agus fiosrúchán breithiúnach a bheadh ann, chomh fada agus ab eol dó féin.

Níl sé i gceist an milleán faoin uafás a chur ón dream a bheartaigh an t-ionsaí, a chuir an buama i dtoll a chéile agus a d'fhág é san Ómaigh an lá úd, arsa Michael Gallagher.

Mar sin féin, a dúirt sé, caithfear iompar daoine eile a loic orainn a fhiosrú chomh maith.

Thug an Taoiseach Leo Varadkar agus an tAire Dlí agus Cirt Simon Harris le tuiscint go bhféadfadh na húdaráis sa Stát seo cuidiú le lucht an fhiosrúcháin dá mba ghá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ