Tá rátaí úis ardaithe arís inniu ag an mBanc Ceannais Eorpach.

Ní scéala gan choinne atá ann ós é an cúigiú hardú ar rátaí úis é ón samhradh seo caite.

Biseach 0.5% atá i gceist - an méid céanna leis an ardú deireanach i mí na Nollag.

Fágann sé gur 2.5% atá sa bhunráta taisce agus gur 3% atá sa phríomhráta iasachta anois, le hais 0% an t-earrach seo caite.

Cuid de straitéis eacnamaíochta atá sna harduithe ar rátaí úis go bhféachfaí leis an ráta an-ard boilscithe i limistéar an euro a ísliú.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, 8.2% a bhí sa ráta boilscithe an mhí seo caite, ar ísliú 0.7% é ón mí roimhe sin.

Níor mhórán d'ísliú é, ámh, ós ráta boilscithe de 2% a theastaíonn i ndáiríre, a deir na saineolaithe, le bonn socair a chur an athuair faoi gheilleagair thíortha limistéar an euro.

Dealraítear nach é fógra an lae inniu deireadh an scéil agus go bhfuil bara faoin mBanc Ceannais Eorpach rátaí úis a ardú arís gan mórán spáis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ