I gcúirt i mBéal Feirste, gearradh téarma príosúin trí bliana ar fionraí ar iarshaighdiúir in Arm na Breataine a ciontaíodh i ndúnorgain Aidan McAnespie, fear óg Caitliceach a lámhachadh ag seicphointe míleata i gCo Thír Eoghain 35 bliain ó shin.

D'admhaigh an saighdiúir David Holden, Sasanach 53 bliain d'aois, gurbh é ba chionsiocair le marú Aidan McAnespie, a bhí 23 bliain, ar an 29 Feabhra 1988 ach mhaígh sé nár d'aon oghaim a mharaigh sé é.

Thug David Holden le fios ina thriail i mí na Samhna seo caite go raibh a lámha fliuch ag an am agus gur de thaisme a scaoil sé trí philéar as meaisínghunna trom a bhí sé a láimhseáil ag an seicphointe.

Dúradh gur bhuail na trí philéar an bóthar, gur athscinn siad agus gur bhuail ceann acu Aidan McAnespie sa droim.

Dúirt an Breitheamh John O'Hara, ámh, gur thug David Holden cuntas bréagach ar ar tharla agus rialaigh sé gur dúnorgain le teann mórfhaillí an bhí déanta aige.

Bhí Aidan McAnespie díreach tar éis siúl thar an seicphointe in Achadh na Cloiche agus é ar a bhealach chuig cluiche peile trasna na teorann i gCo Mhuineacháin nuair a lámhachadh é.

Ghearáin sé go minic roimh a mharú go raibh saighdiúirí na Breataine á chiapadh go rialta.

Aidan McAnespie

Cúisíodh David Holden i ndúnorgain Aidan McAnespie i dtosach i 1988 ach tarraingíodh an chúis siar i 1990 sular cuireadh tús lena thriail.

Rinneadh athbhreithniú ar an gcás ar iarratas mhuintir McAnespie agus cinneadh in 2016 an dlí a chur arís ar an saighdiúir.

Sa chúirt i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite, d'iarr abhcóide David Holden gan a chliant a chur sa phríosún.

Pionós éagórach agus éagothrom a bheadh ann, a dúirt an t-abhcóide Frank O'Donoghue, i bhfianaise cásanna eile den sórt céanna inar gearradh téarmaí fionraíochta ar na ciontaigh.

Dúirt abhcóide an ionchúisimh Ciarán Murphy, áfach, gur chóir a raibh fulangtha ag teaghlach Aidan McAnespie a chur sa mheá agus an breitheamh ag déanamh a mharana ar an bpianbhreith chuí.

I ndiaidh na héisteachta inniu, thug duine de dheartháireacha Aidan McAnespie le fios nach "punt feola" ach "an fhírinne agus an ceart" a bhí ón teaghlach.

Dúirt Seán McAnespie tar éis go raibh díomá ar an teaghlach faoi phríosún ar fionraí a bheith gearrtha ar David Holden - seachas téarma coinneála - gur thábhachtaí go bhfuarthas ciontach é i marú neamhdhleathach.

Seán McAnespie agus Gráinne Teggart taobh amuigh den chúirt i mBéal Feirste inniu

Is é David Holden an chéad iarshaighdiúir a ciontaíodh i gcion "stairiúil" ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Dúirt Gráinne Teggart ón eagraíocht chearta daonna Amnesty International go léirigh an cás seo go bhféadfaí fós an chóir a éileamh agus a fháil.

D'achainigh sí ar Rialtas na Breataine an bille conspóideach maidir le cionta a rinneadh i gcaitheamh na coimhlinte ó thuaidh, an bille sin a chaitheamh i gcártaí i riocht agus go bhféadfadh teaghlaigh eile atá ag fulaingt a lá a bheith acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ