Tugadh fear 32 bliain d'aois os comhair cúirte i Lios na gCearrbhach, Co Aontroma, inniu agus é cúisithe i ndúnmharú Natalie McNally seachtain roimh an Nollaig.
Sin é Stephen McCullagh, as Lios na gCearrbhach, a tógadh arú inné agus ar chúisigh na póilíní sa dúnmharú é aréir.
Sádh Natalie McNally, a bhí 32 bliain, ina háras cónaithe sa Lorgain i dtuaisceart Ard Mhacha ar an 18 Nollaig.
Bhí sí beagnach ceithre mhí ar leanbh mic nuair a maraíodh í.

Is ar nasc físe a tugadh Stephen McCullagh os comhair na cúirte inniu agus d'fhan sé ina thost le linn na héisteachta.
Diúltaíodh d'iarratas an chúisí ar bhannaí agus cuireadh siar faoi choinneáil é.
Tá sé le tabhairt os comhair cúirte arís ar an 24 Feabhra.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ