Maraíodh beirt fhear sna fichidí i dtionóisc bhóthair i gCo Mhaigh Eo aréir.

B'in iad Stephen Brennan, 25 bliain d'aois, as Both Chomhla agus Martin Murphy, 27 bliain, as an gCnoc in oirthear Mhaigh Eo.

Bhuail an gluaisteán ina raibh an bheirt fhear agus leoraí altach faoina chéile ar bhóthar an N60 i nGort an Éadain idir Balla agus Clár Chlainne Mhuiris go gairid roimh an meán oíche.

Maraíodh an bheirt ar an mball agus tugadh a gcoirp go hOspidéal Ollscoile Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh, áit a ndéanfar scrúduithe iarbháis orthu.

Deir na Gardaí gur tugadh tiománaí an leoraí - fear sna tríochaidí - gur tugadh chun an ospidéil é ach nár bhain drochghortuithe dó.

Coirp na beirte fear á dtabhairt ó láthair na timpiste

Tharla an brúscán ar stráice díreach den bhóthar agus rinne na Gardaí scrúdú teicniúil ar an áit inniu.

Is iad na Gardaí i gCaisleán an Bharraigh atá ag fiosrú na tionóisce.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ