Táthar le cóiríocht shealadach a chur ar fáil do dhídeanaithe ón iasacht i nDún Mhic Coluim - athbheairic airm - sa Mhuileann gCearr, Co na hIarmhí.
Dhearbhaigh an Roinn Lánpháirtíochta tráthnóna go gcuirfear suas cúig phuball déag ar an suíomh a mbeidh áit iontu do 120 fear singil.
Tá an Roinn, a dúradh, ag úmachan na háite faoi láthair i gcomhar leis an Roinn Cosanta agus Óglaigh na hÉireann.
Tugadh le fios go bhfuil sé i gceist nach gcaithfeadh aon duine de na dídeanaithe níos mó ná trí seachtaine i nDún Mhic Coluim sula n-aistreofaí go hionad eile iad.
Tógfar cábáin shealadacha ar an suíomh ina dhiaidh sin, a dúradh, ach ní bhainfear feidhm as an mbeairic ach ar feadh bliana ar a mhéad.
Maidir le grúpaí áitiúla a bhaineann gaisneas as Dún Mhic Coluim le haghaidh imeachtaí spóirt agus a leithéidí, gheall an Roinn Lánpháirtíochta nach gcuirfeadh an chóiríocht shealadach isteach orthu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ