Tá €290 milliún lamháilte ag an Údarás Náisiúnta Iompair d'údaráis áitiúla na tíre le bonneagar do shiúlóirí agus rothaithe a fhorbairt as seo go deireadh na bliana.

Tá an t-airgead le hinfhesitiú, a dúradh, i mbeagnach 1,200 togra siúil agus rothaíochta ar fud na tíre - idir chosáin, dhroichid, lánaí agus eile.

Gealladh i gClár an Rialtais €360 milliún a chur ar leithligh gach bliain le haghaidh tograí siúil agus rothaíochta.

Bainfear leas as an maoiniú a fógraíodh inniu le 387 togra a thabhairt i gcrann i limistéar Bhaile Átha Cliath, chomh maith le 250 togra i gcathracha eile agus 502 togra i gceantair tuaithe.

Caithfidh na húdaráis áitiúla fuílleach an airgid ar fhostaithe nua a earcú.

Seo cuid de na tograí atá le forbairt nó le tionscnamh:

- Bealach Glas na Dothra idir Páirc Hoirbeaird agus Bóthar Dhomhnach Broc i mBaile Átha Cliath

- droichead nua coisithe thar mhótarbhealach an M40 i gCorcaigh

- Bealach Glas Phort Láirge idir Carraigh na bhFraochán agus an chathair.

Dúirt an tAire Iompair Éamon Ryan gur mhór an tairbhe a bhainfí go háitiúil agus go náisiúnta as an maoiniú a fógraíodh inniu.

Beidh bailte móra agus sráidbhailte níos glaine agus níos sláintiúla dá bhíthin, arsa sé, agus cuideoidh na tograí úra leis an tír seo astaíochtaí carbóin a laghdú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ