Tá sé ráite ag feidhmeannaigh san Aontas Eorpach nach bhfuil aon fhírinne i dtuairisc a foilsíodh ar nuachtán an Times i Londain inniu go bhfuil margadh déanta faoi Phrótacal an Tuaiscirt.

De réir na tuairisce, ní hé amháin gur thángthas ar chomhréiteach ach tá neart géillte ag an Aontas Eorpach don Bhreatain ina theannta sin.

Géilleadh, a maíodh ar an nuachtán, d'éilimh Rialtas na Breataine maidir le seiceálacha ar earraí a iompraítear idir an Bhreatain agus an Tuaisceart, agus d'éilimh maidir leis an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach chomh maith.

Dúirt feidhmeannaigh ón Aontas Eorpach le RTÉ, áfach, nach raibh aon bhunús leis an tuairisc ar an Times agus nach raibh ann ach bolscaireacht go bhféachfaí le tuairimí daoine a bhrath.

Dúradh go deimhin go bhfuil an tAontas Eorpach meáite i gcónaí ar theacht ar chomhréiteach de réir fhorálacha Phrótacal an Tuaiscirt.

Tugadh le fios freisin cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag na hidirbheartaithe nach bhfuil aon súil le scéal mór go luath.

Is mian le gach aon taobh margadh a dhéanamh roimh an Aibreán, tráth a mbeidh 25 bliain caite ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ