Tá sé tugtha le fios ag an Aire Leanaí, Comhionannais agus Míchumais Roderic O'Gorman gur chóir don Stát an oibleagáid atá air i leith a chuid saoránach is leochailí a chur san áireamh nuair atá straitéisí dlíthiúla á gcumadh aige.
Ag trácht a bhí an tAire O'Gorman ar thuairisc ó aonad iniúchta RTÉ ar léiríodh ann gur choinnigh an Stát íocaíochtaí liúntas míchumais ó thart ar 12,000 duine.
De réir na tuairisce, tugadh le fios sa chomhairle dlí a cuireadh ar an Rialtas in 2009 gur dhóichí go n-éireodh leis na daoine sin cúiteamh a fháil dá gcuirfidís an dlí ar an Stát.
Dúradh gur cúiteamh suas le €700 milliún a bheadh i gceist.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an Gormánach gur chosúil nár léir don Stát - faoi scáth an choigiltis - an oibleagáid atá air i leith daoine leochaileacha.
Dúirt sé nár chóir go mbeadh aon ghlacadh leis an gcur chuige sin.
Ní baileach an téad céanna atá Roderic O'Gorman agus an Taoiseach Leo Varadkar a sheinm, áfach.
Tháinig tuairisc iniúchta RTÉ sna sála ar an scéala go bhfuil sé mar straitéis dlíthiúil ag an Stát cur in aghaidh iarratais ar chúiteamh ó dhaoine ar gearradh táillí cúraim altranais orthu tar éis go raibh cártaí leighis acu.
Mhaígh Leo Varadkar i nDáil Éireann inné gur straitéis dlisteanach a bhí sa straitéis dlíthiúil sin.
Tá tuarascáil faoin scéal á chur i dtoll a chéile ag an Ard-Aighne agus foilseofar é an tseachtain seo chugainn tar éis don Rialtas é a phlé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ