Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue ag iarraidh ar chomhlachtaí Stáit níos mó ban a cheapadh ar a gcuid bord feasta.
Thug an tAire le fios go bhfuil rún aige gan glacadh le hainmniúcháin do bhoird Stáit a bhfuil sé féin freagrach astu, mura bhfuil dóthain ban ina measc.
Tá dhá chomhlacht Stáit déag faoi chúram na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Go ginearálta, teastaíonn ón Rialtas go mbeadh cóimheas insce a dó lena trí ar a laghad - bíodh fir nó mná i gceist - ar gach aon bhord Stáit.
Tá tionól úrnua, dá ngairtear An tIdirphlé Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht, ar siúl i bPort Laoise inniu, Lá Fhéile Bríde.
Dar leis an Roinn go "scrúdóidh [lucht an tionóil] saincheisteanna inscne san fheirmeoireacht agus san earnáil agraibhia".
Tugadh le fios go bhfuil súil branar a dhéanamh agus "an chothromaíocht inscne a fheabhsú sa todhchaí" agus gan ach 13% de shealbhóirí feirme na tíre ina mná.
Beidh an tAire McConalogue agus na hAirí Stáit Pippa Hackett agus Martin Heydon páirteach sa tionól.
Is feirmeoir i gCo Uíbh Fhailí í an Seanadóir Hackett agus dúirt sí "mar bhanfheirmeoir mé féin tuigim go maith go bhfuil gá lenár nglór a mhéadú in earnáil atá faoi cheannas [na bhfear] den chuid is mó".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ