Tá fear 32 bliain d'aois gafa an athuair ag póilíní sa Tuaisceart a bhfuil dúnmharú Natalie McNally á fhiosrú acu.
Sádh Natalie McNally, a bhí 32 bliain, ina háras cónaithe sa Lorgain i gCo Ard Mhacha seachtain roimh an Nollaig.
Bhí sí beagnach ceithre mhí ar pháiste nuair a maraíodh í.
Deir na póilíní gur gabhadh an fear i Lios na gCearrbhach inniu.
Gabhadh é cheana ar an 19 Nollaig - an lá i ndiaidh mharú Natalie McNally - agus scaoileadh saor ina dhiaidh sin é.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ