Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach foláir nó gur cuireadh in iúl dó nuair a bhí sé ina Aire Sláinte go raibh straitéis ag an Stát cur in aghaidh iarratais ar chúiteamh ó dhaoine ar gearradh táillí cúraim altranais orthu cé go raibh cártaí leighis acu.

I nDáil Éireann tráthnóna, mhaígh an Taoiseach gur cur chuige stuama agus straitéis dlisteanach a bhí ann.

Dar leis gur mífhaisnéis atá sa chaint atá déanta ar an scéal go dtí seo agus nárbh é polasaí an Oireachtais riamh é cúram altranais a chur ar fáil saor in aisce do dhaoine a raibh cártaí leighis acu.

Áibhéil a bhí sna tuairiscí go ndeachaigh an Rialtas sa bhealach ar dhaoine aisíocaíochtaí a fháil, arsa Leo Varadkar.

Tá tuarascáil faoin scéal le cur i dtoll a chéile ag an Ard-Aighne agus foilseofar é, meastar, tar éis don Rialtas é a phlé an tseachtain seo chugainn.

Mhaígh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh an Stát ag cur iachall ar sheanóirí íoc as cúram altranais.

Straitéis chruachroíoch a bhí ann agus fios maith ag an Rialtas gur daoine ar bheagán acmhainne is mó a bheadh buailte aige, arsa sí.

Dar le Mary Lou McDonald gur plean glic a bhí ann chun airgead a choinneáil ó dhaoine agus ina dhiaidh sin chun daoine a chur amú.

Tá Coiste Sláinte an Oireachtais le teacht le chéile níos deireanaí leis an scéal a chíoradh agus tuigtear go n-iarrfaidh cuid de na baill ar roinnt iar-Airí Sláinte teacht os comhair an choiste an tseachtain seo chugainn - Leo Varadkar ina measc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ