Dearbhaíodh ag coiste Oireachtais maidir le cúrsaí comhshaoil agus aeráide inniu go n-íocfaí cúiteamh le custaiméirí tís Bhord Soláthair an Leictreachais ar gearradh táillí ró-ard orthu ar feadh corradh le deich mbliana.

Is í cathaoirleach an Choimisiúin um Rialáil Fóntais, Aoife MacEvilly, a d'fhógair an méid seo os comhair an choiste inniu.

Baineann an scéal le scéim a bunaíodh le fóirdheontais a chur ar fáil do dhaoine a chaith go leor leictreachais agus a raibh feidhm leis idir 2010 agus 2022.

Tháinig sé chun solais, áfach, gur ghearr Bord Soláthair an Leictreachais táille chéatadánach, seachas táille sheasta mar ba chóir, ar chustaiméirí tís. D'fhág sé sin go raibh na custaiméirí tís ag íoc táillí ró-ard i gcaitheamh na mblianta sin.

Ag tabhairt freagra a bhí Aoife MacEvilly ar an Seanadóir Lynn Boylan ó Shinn Féin a bhfuil an scéal fiosraithe aici faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

D'iarr an Seanadóir Boylan go ndeimhneofaí cé mhéad atá le híoc ar ais leis na custaiméirí.

Dúirt an Teachta Dála Jennifer Whitmore ó na Daonlathaithe Sóisialta nár mhór a fháil amach cén chaoi ar tharla sé go raibh comhlacht Stáit ag gearradh táillí ró-ard ar dhaoine ar feadh dhá bhliain déag agus gur thóg sé achar chomh fada lena thabhairt faoi deara.

Ghlac Aoife McEvilly leis an méid a dúirt Jennifer Whitmore agus thug sí le fios gur "dearmad riaracháin" a bhí ann agus nár bhain an comhlacht aon sochar as.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ