Tá sé ordaithe ag Cumann Lúthchleas Gael cluiche ceannais peile na gclubanna idir Crócaigh Chill Mochuda as Baile Átha Cliath agus an Gleann as Doire a athimirt.

Eisíodh an t-ordú ar maidin inniu tar éis do choiste CLG an scéal a phlé ag éisteacht a tionóladh aréir.

Baineann an scéal le himreoir breise a chuir lucht Chill Mochuda ar an bpáirc imeartha i bhfíordheireadh an chluiche naoi lá ó shin.

Bhí Cill Mochuda dhá chúilín chun tosaigh ag an am agus sin mar a chríochnaigh an cluiche.

Díreach ina dhiaidh, thug bainisteoir an Ghleanna Malachy O'Rourke le tuiscint gur dhóichí go nglacfadh an club leis an toradh ach nuair a bhí deireadh ráite rinneadh gearán oifigiúil le lárchoiste éisteachta CLG.

Tá trí lá ag na Crócaigh le achomharc a dhéanamh in aghaidh an ordaithe a eisíodh inniu.

Má ghlactar lena n-achomharc nó má dhiúltaítear dó, tá cead ag an dá chlub achomharc eile fós a dhéanamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ