Tá sé deimhnithe ag Teachta Dála Fhine Gael i gCiarraí Brendan Griffin nach mbeidh sé ina iarrthóir sa chéad olltoghchán eile.
I litir a sheol sé chuig baill agus comhairleoirí áitiúla Fhine Gael sa dáilcheantar aréir, thug Brendan Griffin le fios go ndearna sé an cinneadh gan a ainm a chur chun cinn an chéad uair eile tar éis dó meabhrú ar chúrsaí agus an scéal a phlé lena theaghlach.
Dúirt sé gur fonn tuilleadh ama a chaitheamh lena bheirt mhac óga is cionsiocair lena chinneadh.
Ghabh sé buíochas le ceannaire Fhine Gael, an Taoiseach Leo Varadkar, as é a cheapadh ina Aire Stáit Turasóireachta agus Spóirt in 2017 agus ina Leas-Phríomh-Aoire ina dhiaidh sin.
Nuair nár ceapadh ina Phríomh-Aoire é agus atheagar á chur ar an Rialtas an mhí seo caite, áfach, thosaigh ráflaí ag imeacht faoin raibh ar intinn aige.
Toghadh Brendan Griffin chun na Dála den chéad uair in 2011 agus tá sé bunaithe i gCaisleán na Mainge.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ