Tá sé deimhnithe ag an Rialtas go bhfuil sé mar straitéis dlíthiúil ag an Stát cur in aghaidh iarratais ar chúiteamh ó dhaoine ar gearradh táillí cúraim altranais orthu tar éis go raibh cártaí leighis acu.
Thug urlabhraí ón Rialtas le fios aréir go raibh an straitéis i bhfeidhm ó uair éigin roimh Iúil 2011.
Is cosúil, áfach, go raibh sé i bhfeidhm i bhfad roimhe sin.
Thug sceithire an scéal don Mail on Sunday agus foilsíodh é ar an nuachtán sin arú inné.
De réir na tuairisce, bhí daoine a raibh cártaí leighis acu ag íoc táillí cúraim altranais ar feadh tríocha bliain sula bhfuarthas amach in 2005 go raibh siad i dteideal an cúram sin a fháil saor in aisce
Rinne os cionn míle othar gearán oifigiúil le hOifig an Ombudsman nuair a tháinig an scéal chun solais.
Dúirt an t-urlabhraí ón Rialtas gur bhain na cásanna ar chuir an Stát ina n-aghaidh, gur bhain siad le tithe altranais príobháideacha agus go ndearnadh socrú i gcuid de na cásanna sin.
I dtaca le tithe altranais poiblí de, íocadh ar ais €480 milliún le hothair nó lena ndaoine muinteartha ach ní dheachaigh aon cheann de na cásanna chomh fada leis an gcúirt, a dúirt an t-urlabhraí.
Tugadh le fios chomh maith go bhfuil comhairle dlí faoin scéal á lorg ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly ar an Ard-Aighne.
Bhí comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Róisín Shortall ina hAire Stáit sa Roinn Sláinte in 2011 agus dúirt sí inniu nach raibh a fhios aicise go raibh polasaí ann aisíocaíochtaí cúitimh a tugadh do dhaoine a choinneáil faoi rún.
Inné, thug an Taoiseach Leo Varadkar le fios nach raibh aon bhaint aigesean le straitéis dlíthiúil a chumadh le cur in aghaidh iarratais ar chúiteamh ó dhaoine ar gearradh táillí orthu san éagóir.
Tá Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre ag éileamh aon cháipéisí nua maidir leis an scéal a sheoladh chuig comhchoiste Oireachtais gan mhoill.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ