Tá athbhreithniú breithiúnach ceadaithe ag an gCúirt Tráchtála i mBaile Átha Cliath do 5 chomhlacht príobhaideach atá lonnaithe i gConamara atá ag cur in aghaidh chodanna de Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028.
Tá sé á mhaíomh ag na comhlachtaí – a bhfuil talamh agus leasanna forbartha acu ar an Spidéal, ar an gCeathrú Rua agus i Maigh Cuilinn – nach raibh an bealach ar cuireadh an phlean forbartha i dtoll a chéile trédhearcach, agus tá siad ag lorg ordaithe le cuid den phlean a chur ar neamhní.
Ghlac na comhlachtaí Baile Bhruachlain Teoranta, Coill Bhruachlain Teoranta, Baile Éamoinn Teoranta, Glann Mor Cuan Teoranta agus Glann Mor Céibh Teoranta ar fad páirt i bpróiseas comhairliúcháin poiblí a bhain le dréacht-Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022 – 2028, ar glacadh leis mí na Bealtaine 2022.
Tá na comhlachaí ag maíomh go bhfuil tionchar orthu ar fad ag spriocanna a bhaineann le criosú talún sa bPlean.
Tá na comhlachtaí ag lorg ordaithe tré athbhreithniú breithiúnach le cuid den Phlean Forbartha a chur ar neamhní.
Tá siad ag lorg dearbhú gur theip ar Chomhairle Chondae na Gaillimhe deis sásúil a thabhairt don phobal a bheith rannpháirteach sa bpróiseas comhairliúcháin - rud a thagann salach a deir siad ar dhualgaisí na Comhairle Condae faoi Alt a 12 den Acht um Phleanáil agus Forbartha 2000 – mar nár tugadh achoimre "iomlán, cothrom" ar aighneachtaí mionsonraithe a bhí déanta ag an 5 chomhlacht i dtuarascálacha an Phríomhfheidhmeannaigh ar an ábhar.
Tá dearbhú á lorg ag na comhlachtaí gur ghníomhaigh an Chomhairle ar bhealach a sháraigh nósanna imeachta cóir agus rialacha an cheartais aiceanta nuair nár cuireadh ar fáil dóibh féin miontuairiscí agus cláracha gnó a bhain le cruinnithe speisialta a bhain le cúrsaí pleanála a bhí ag an gComhairle ar dhátaí éagsúla i 2021 agus i 2022.
Déanadh dochar dá gcumas mar sin aighneachtaí a dhéanamh bunaithe ar an eolas is deireannaí a deir na comhlachtaí.
Ar an ábhar sin tá cinneadh na Comhairle glacadh le codanna den Dréachtphlean nua Forbartha neamhbhailí agus neamhdhleathach a mhaigheann na comhlachtaí sa méid is nach raibh fáil acusan ar phróiseas éifeachtach comhairliúchán poiblí.
Beidh an cás á luadh sa gCúirt arís an 13ú mí Feabhra.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Peadar Mac Gaoithín ar Nuacht TG4 ag 1900.