Ag a 8 a chlog anocht i Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall beidh coirmcheoil mar chomhartha buíochais do na daoine go léir a chabhraigh nuair a tharla an tubaiste pléascach inar maraíodh deichniúr ar an gCraoslach mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Bhí na ticéid ar fad díolta beagnach chomh luath is a fógraíodh an ócáid an mhí seo caite.
Tá an lá caite i Halla an Aura i Leitir Ceanainn ag daltaí ó scoileanna i gceantar an Chraoslaigh ag cleachtadh d'ócáid na hoíche anocht.

Grúpa daoine, ina measc an ceoltóir Brian McFadden arbh as an gCraoslach a athair, a tháinig ar an smaoineamh ar an oíche cheoil a mbeidh idir shonas, chuimhneachán agus buíochas ag baint leis.
Is iad Moya Brennan as Clannad agus Mairéad Ní Mhaonaigh as Altan a chuirfidh 'Together for Creeslough' i láthair.
I measc lucht an cheoil beidh Keith Duffy, Mickey Joe Harte, Brian Kennedy agus mórchuid daltaí scoile.
Ina dteannta beidh an pianadóir aitheanta Claire Bowes (née Gallagher) a chaill radharc na súl i mbuamáil na hÓmaí i 1998.
Deir an lucht eagraithe gur eiseamláir í Claire - léiriú ar an misneach agus an neart atá de dhith ar phobal an Chraoslaigh ina gcruachás féin.

Ag an ócáid chomh maith beidh sagart paróiste an Chraoslaigh an tAth John Joe Duffy a bhí ina chrann taca ag an bpobal sin nuair ba mhó a ndólás.
Dúirt an tAth Duffy tráthnóna gur comhartha buíochais a bheidh sa teacht le chéile do chách a chuidigh sa tarrtháil.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.