Tá an tAire Stáit Lanpháirtíochta Joe O'Brien ag cur achainí ar eagraíochtaí príobháideacha agus ar eagrais Stáit lóistín a chur ar fáil as seo go ceann cúpla seachtain do dhaoine atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta sa tír.

Deir urlabhraí ar son na Roinne Leanaí go bhfuil gá le 4-6 "foirgneamh réasúnta mór" a chuirfeadh lóistín ar fáil do dhaoine "ar bhonn práinne".

Ina theannta sin dúirt an tAire Stáit O'Brien, Comhaontas Glas, go bhfuil déistean air faoin ionsaí a déanadh ar champa puball a bhí ag daoine gan dídean i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Le seachtain anuas dúradh le 89 lucht lorgtha dídine nach raibh áit chónaithe dóibh agus iad sa tóir ar chosaint idirnáisiúnta.

An agóid inné sa Lios Mór.

Mar léiriú ar an mbrú atá ar acmhainní chuaigh daoine i mbun agóide sa Lios Mór i gCo Phort Láirge faoi óstán ar an mbaile atá le cur ar fáil do 117 teifeach.

Ach tá an t-ionsaí a déanadh ar phubaill daoine ón gcoigríoch gan áras buan i mBaile an Ásaigh ó thuaidh den ardchathair cáinte go géar.

Beidh léirisiú ar an mbaile tráthnóna le tacaíocht a léiriú do na himircigh a d'fhulaing an t-ionsaí.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Eibhlín Ní Choistealbha ar Nuacht TG4 ag 1900.