Le 6 bliana anuas tá 45 páiste a bhí ina n-aonar sa gcóras lorgtha dídine agus a bhí faoi chúram an Stáit gaibhte ar iarraidh agus gan cuntas orthu.
Sin de réir fhigiúirí atá faighte ón ngíomhaireacht leanaí agus teaghlaigh Tusla.
San iomlán chuaigh 62 páiste gan duine fásta in éineacht leo ar iarraidh agus iad faoi chúram an Stáit ó 2017, ach fritheadh an athuair 17 díobh ó shin.
I 2019 ba mheasa na figiúirí, tráth ar imigh 24 páiste gan cuntas, gan faighte ó shin ach 6 acu.
Líon páistí aonair ar iarraidh ó 2017:
2017 8 páiste faoi chúram ar iarraidh. 3 aimsithe ó shin
2018 11 páiste faoi chúram ar iarraidh. 2 aimsithe ó shin
2019 24 páiste faoi chúram ar iarraidh. 6 aimsithe ó shin
2020 8 páiste faoi chúram ar iarraidh. 0 aimsithe ó shin
2021 5 páiste faoi chúram ar iarraidh. 3 aimsithe ó shin
2022 3 páiste faoi chúram ar iarraidh. 3 aimsithe ó shin
Foinse: Tusla
Deir Tusla go bhfuil 201 páiste gan duine fásta in éineacht leo faoi chúram an Stáit i láthair na huaire. As an Úcráin 71 den líon sin.
Cuireann an Roinn Dlí agus Cirt cás gach páiste aonair a thagann chun na tíre faoi bhráid Tusla ag a bhfuil meitheal ag plé le páistí - gan daoine fásta in éineacht leo - atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta.
Munar féidir an gasúr a athaontú lena gclann, in Éirinn nó thar lear, curtar an páiste faoi chúram altrama, nó in aonad cúram cónaitheach nó i lóistín a bhfuil tacaíocht curtha ar fáil lena gcuid riachtanais a shásamh.
Má cheaptar go bhfuil páiste gaibhte ar iarraidh curtar fios ar na Gardaí agus is faoin bhfórsa sin an scéal a fhiosrú.
Deir Tusla go bhfuil imní orthu féin – mar atá a deir siad ar údaráis an Stáit agus ar an bpobal i gcoiteann – faoin mangaireacht idirnáisiúnta páistí.
Le bliain anuas a deir siad tá siad ag comhoibriú le MECPATHS le eolas a scaipeadh agus le oiliúint a chur ar lucht cúraim agus lucht sláinte faoi mhangaireacht páistí in Éirinn.