Tá Aire na Mara Charlie McConalogue tar éis luach €37 milliún de mhaoiniú a fhógairt don 6 chalafort iascaigh sa tír atá in úinéireacht an Stáit.
Tá €16 milliún ceadaithe don chéibh dhomhain-mhara atá le tógáil as seo go ceann 2 bhliain i Ros a’ Mhíl.

Tá €7.5 milliún ceadaithe le fad a chur leis an gcéibh sna Cealla, obair a bheidh déanta roimh dheireadh na bliana meastar.

Gheobhaidh Calafort Bhaile Chaisleán Bhéarra beagán le cois €5 mhilliún le leanacht le athchóiriú áiseanna.
Roinnfear an farasbarr - €9 milliún – ar Chalafort an Daingin i gCiarraí, Calafort an Dúin Mhóir i bPort Láirge agus Calafort Bhinn Éadair i mBaile Átha Cliath.
B’fhiú €1.26 billiún earnáil na hiascaireachta don gheilleagar i 2021 de réir fhigiúirí na Roinne.
Tá 16,000 duine fostaithe go díreach nó go h-indíreach sa tionscal.