Tá Rory McIlroy tar éis an beart a dhéanamh ag Craobh an Ghaineamhlaigh i Dubai.
Fuair sé an lámh in uachtar ar an 18ú poll tar éis 4 lá de ghéarchoimhlint le Patrick Reed as na Stáit Aontaithe.
Bhí fear Ard Mhic Nasca buille amháin chun tosaigh ag déanamh ar an bpoll deireannach ach is beag nár chaith sé uaidh a sheans leis an tí-bhuille.
Bhí sciorta den ádh air an loch a sheachaint ach as sin d'éirigh leis an phlásóg a bhaint amach.
Chríochnaigh sé go paiteanta, buille 14 troigh le fána le éinín a aimsiú agus an Chraobh a sciobadh leis.
68 a bhí ar a chárta inniu aige. 65 a bhí cláraithe cúpla nóiméad roimhe ag Patrick Reed.

Beidh sásamh ar leith ag fear Chontae an Dúin go bhfuil an ceann is fearr faighte aige ar Reed sa gcéad chomórtas den bhliain agus binib le brath le tamall idir é agus an Meiricéanach.