Trí bliana go díreach ó d'eisigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) an foláireamh is airde faoin víreas coronach deir siad inniu gur éigeandáil idirnáisiúnta go fóill í an aicíd.

Dé hAoine go deiridh a chruinnigh Coiste Éigeandála Covid an eagrais le chéile, an 14ú cruinniú ag an gCoiste ó fógraíodh rabhadh ar dtús.

Ina dhiaidh dúirt ceannasaí an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus "go nglacann an Eagraíocht le comhairle an Choiste gur géarchéim do shláinte an phobail go domhanda í an Phaindéim go fóill".

Thug an ceann feadhna le fios freisin go bhfuil an aicíd ag "staid trasdula" agus d’aontaigh sé leis an gcomhairle ón gCoiste "faoi a bheith airdeallach faoin mbealach is fearr a ghabháil i ngleic leis an staid ar leith seo ionas gur féidir aon iarmhairtí diúltacha a mhaolú".

Agus an ceathrú bliain den Phaindéim anois linn a dúirt sé "tá muid i bhfad níos fearr ná mar a bhí an t-am seo anuraidh, nuair a bhí rabharta faoin leagan Omicron, tráth a raibh 70,000 duine sa tseachtain ag fáil bháis".

Laghdaigh an líon sin go mór a dúirt sé, go dtí faoi bhun 10,000 mí Dheireadh Fómhair, ach tá sé ag ardú arís ó thús mhí na Nollag, nuair a cuireadh deireadh le srianta sa tSín "rud atá ag cur dlús an athuair faoin tinneas".

Faoi lár mhí Eanáir bhí 40,000 bás á dtuairisciú go hoifigiúil – os cionn a leath sin sa tSín – "ach is eol dúinn go cinnte go bhfuil an líon i bhfad níos airde" a deir an tArdstiúrthóir.

Go domhanda tá taifead ag an WHO ar 752 milliún cás den víreas.

6.8 milliún duine líon oifigiúil na marbh le Covid a 19 ach tá an lear a cuireadh den tsaol leis an aicíd níos mó go mór ná sin a deir an Eagraíocht dhomhanda.