I mBéal Feirste inniu seoladh taighde ar obair óige tré mheán na Gaeilge, an chéad tuairisc den chinéal sin riamh.
Pléann an taighde leis an dóigh ar brúdh an obair óige isteach i spásanna mífhóirsteanacha agus an dóigh ar brúdh amach í agus polasaí agus maoiniú á réiteach.
Le blianta beaga anuas is iomaí léirisiú a bhí ag cumainn óige Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus an tÚdarás Oideachais ag bagairt a gcuid maoinithe uilig beagnach a ghearradh.
Sheas siad an fód agus rinne Glór na Móna i gcomhar le hOllscoil Uladh taighde sa tréimhse sin a seoladh inniu ag tabhairt sainmhíniú ar cad is brí le obair óige Gaeilge.
"Brúite isteach is brúite amach" ainm na tuarascála.
Táthar ag súil go mbeidh an chreatlach úr atá léirithe sa staidéar ina threoir ag an Údaras Oideachais agus cinntí á ndéanamh feasta faoi mhaoiniú agus faoi acmhainní.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Áine Ní Ghallchóir ar Nuacht TG4 ag 1900.