Deir Aire Stáit na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta go bhfuiltear ag súil go mbeidh Bord Eatramhach agus Cathaoirleach ceaptha ar Údarás na Gaeltachta as seo go ceann coicíse.

I ráiteas a cuireadh chuig Nuacht TG4 tráthnóna deir an Roinn nach bhfuil sé cruinn a rá go bhfuil bearna idir dheireadh shaolré Bhord amháin de chuid an Údaráis agus tús shaolré Boird eile.

Deir an Roinn go gceapfar Bord Eatramhach in am do chruinniú an Bhoird lár mhí Feabhra.

Tháinig deireadh le tréimhse an Bhoird a bhí ann níos luaithe an mhí seo.

Ní féidir leis an Údarás aon deontas a cheadú ná aon airgead caipitil a chaitheamh gan Bord a bheith i bhfeidhm.

Iarfheisire Eorpach agus iarchathaoirleach ar an Údarás, Seán Ó Neachtain

Tá fáilte curtha ag an iarfheisire Eorpach Seán Ó Neachtain - a chaith 25 bliain ar Bhord an Údaráis agus a bhí ina Chathaoirleach ó 1991 go 1996 - roimh an bhfógra ón Roinn agus ón Aire Stáit Patrick O'Donovan.

Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O'Donovan.

Cé go dhúirt an tAire Stáit ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go raibh cinneadh déanta ag an Rialtas gur 16 comhalta a bheadh ar Bhord an Údaráis amach anseo, sa ráiteas a h-eisíodh le Nuacht TG4 tráthnóna deirtear nach féidir leis an Aire níos mó ná 12 a cheapadh faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Deir an Roinn freisin nach bhfuil aon bhearna fágtha idir an Bord a bhí agus an Bord a bheidh; deir siad gur go míosúil a bhíonn cruinniú ag an mBord, agus nach bhfuil sé ach cúpla seachtain ó bhí cruinniú go deiridh acu.

Más fíor don Roinn beidh an seasamh céanna ag an mBord Eatramhach le gnáth-bhord an Údaráis ó thaobh cinntí a dhéanamh faoi ghnó na heagraíochta agus an tacaíocht a chuireann siad ar fáil dá gcuid cliant.