Tá fearg agus díomá ar chumann aclaíochta i ndeisceart Chathair Luimnigh faoi chinneadh atá déanta ag an sagart paróiste agus ag an deoise fórgra a thabhairt dóibh an halla pobail a thréigean.
Tá halla pobail Mhuire Bhanríon na Siochána lonnaithe i mBaile an Róistigh, ag freastal ar cheantar atá faoi mhíbhuntáiste agus atá mar chuid de mhórscéim athnuachana atá ar bun ag údaráis éagsúla Stáit.

An tseachain seo a fuair baill den chumann cic-dhornálaíochta Limerick Combat Gym litir on sagart paróiste ag cur in iúl don chumann go bhfuil sé beartaithe an halla a dhíol nó a ligean ar léas fadtéarmach.
Deirtear sa litir nach bhfuil an paróiste in acmhainn costas cothabhála an halla a sheasamh níos mó agus go bhfuil an cinneadh déanta i gcomhar le Deoise Caitliceach Luimnigh.
Tá olc agus díomá mór ar bhainistíocht agus ar bhaill an chumainn, agus ar thuismitheoirí an lear mór daoine óga a bhaineann tairbhe as.

Deir Tony O'Donnell, an banisteoir ar an gcumann cic-dornálaíochta, gur halla pobail é do phobal uile na háite. Deir sé go bhfuil an cumann ag baint leas as le 10 mbliana agus tuilleadh agus iad ag íoc cíosa gach mí. Deir sé nach bhfuil aon halla eile ná áis dhá shórt ar fáil d'aos óg an cheantair.
"Is don phobal é an halla seo, táimide ag usáid an halla ar son an phobail, agus teastaíonn uainn fanacht i measc ár bpobal" a deir Tony O'Donnell.

Deir an Comhairleoir Contae Catherine Slattery gur mór an náire é cinneadh na hEaglaise. Deir sí gurbh iad muintir na háite a bhailigh an t-airgead 40 bliain ó shin leis an halla pobail a thógáil.
"Is leis an bpobal an halla seo agus ba cheart aon phlean faoi thodhchaí an halla a phlé leis an bpobal" a deir Catherine Slattery.
"Níor tharla sé sin agus tá daoine ar buille go bhfuil siad ag iarraidh an áis phobail seo a dhíol orainn. Tá agóid beartaithe againn ag an séipéal áitiúil Dé Domhnaigh chun ár míshástacht a leiriú don deoise".
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 ag 1900.