Bhí an líon is mó riamh - 11,600 duine agus 3,500 páiste ina measc - gan dídean agus iad i dtuilleamaí lóistín éigeandála an tseachtain roimh an Nollaig de réir fhigiúirí nua-fhoilsithe.


D'ardaigh an líon 0.8% idir mí na Samhna agus mí na Nollag ó 11,542 (an líon ba mhó riamh go dtí sin) go 11,632.


30% d'ardú é ar an líon mí na Nollag 2021.

Léiríonn figiúirí na Roinne Tithíochta go raibh 8,190 duine fásta agus 3,442 gasúr ag brath ar lóistín éigeandála ón 19ú Nollaig go dtí Lá Nollag 2022.


Tá líon oifigiúil na ndaoine gan dídean sa tír ardaithe anois le 6 mhí as a chéile.

In óstáin is mó atá daoine ag fáil lóistín éigeandála.


Léiríonn na figiúirí go raibh 856 tuiste aonair agus 1,594 teaghlach in aonaid éigeandála teaghlaigh.


I mBaile Átha Cliath a bhí 70% de na ndaoine fásta gan áras buan.


San ardchathair freisin a bhí 74% de na gasúir atá thíos leis an ngéarchéim.


Go náisiúnta bhí 502 duine fásta gan dídean i gCorcaigh faoi Nollaig; 352 i Luimneach; 272 i nGaillimh; 205 i gCill Dara agus 185 i gCo na Mí.


De bhunú na hÉireann 61% de na daoine fásta i lóistín éigeandála.


De bhunú na Breataine nó na MórRoinne ab ea 22% díbh.


As tíortha ar fud na cruinne an 17% eile, beagnach 1,400 duine.