Deir gníomhaireachtaí taistil go bhfuil trácht an-tréan faoina ngnó agus mórchuid daoine ag cur laethanta saoire in áirithe mí Eanáir tar éis ghéarchéim Covid a 19.

Luaitear luach €5 billiún sa mbliain a bheith sa tionscal saoire don gheilleagar. Anuraidh, agus biseach ag teacht faoin earnáil, bhí láimhdeachas €1.3 billiún ag gníomhairí ceadúnaithe taistil.

Le trí bliana anuas, tréimhse na Paindéime agus na cogaíochta san Úcráin, tá 10 gcinn de ghníomhaireachtaí curtha de dhroim seoil.

Ach san RDS i mBaile Átha Cliath inniu tá misneach le brath agus 1,000 saineolaí taistil as 50 tír ag cruinniú le chéile ag an seó saoire domhanda 'Holiday World Show' an chéad uair ó 2020.

Aireagal Thír Chonaill

Beidh 18 gnó i láthair ann ar feadh an deireadh seachtaine i mbun ionadíochta ar Chontae Dhún na nGall.

Táthar ag súil le 70,000 duine ag an teacht le chéile.

Tá rannóg turasóireachta Chomhairle Chontae Dhún na nGall ag iarraidh ardán a thabhairt do Thír Chonaill le daoine a mhealladh le ghabháil ar saoire ann.