Fágadh gan áras 31 duine a thuirling chun na tíre inné faoin gcóras idirnáisiúnta tearmainn, tá sé admhaithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

55 duine san iomlán a lorg dídean le seachtain atá fágtha anois gan áras faoi chóras an Stáit.

Tá litir seolta ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas chuig an Aire Roderic O'Gorman ag rá "gur léir go bhfuil Éirinn ag sárú a cuid dualgas idirnáisiúnta i leith lucht lorgtha dídine".

Deir an Coimisiún go bhfuil an Stát ag sárú rialacháin agus treoir ón gCoimisiún Eorpach mar nach bhfuiltear ag cur lóistín ar fáil do dhaoine fásta nach bhfuil páistí leo atá ag lorg tearmainn.

Measann an Coimisiún um Chearta an DUine go bhfuil an dlí á shárú freisin mar nach bhfuil bia ná éadaigh á gcur ar fáil, ná cúram sláinte ach an oiread.