Tá fear a chaith geansaí iománaíochta Chill Chainnigh ina óige maraithe i dtubaiste bóthair a tharla aréir.
37 bliain d'aois a bhí James Nolan as Clárach ó dhúchas a d'imir leis na Cait ag an ngrád faoi bhliain is fiche.
Tuairiscítear gur tharla an tubaiste 300 slat óna theach cónaithe.
Bhain James Nolan cáil amach le Clárach nuair a bhuaigh siad Craobh an Chontae agus d'imir sé faoi aois, chomh fada le F-21, le foireann an chontae.
Aon charr amháin a bhí sa timpiste a tharla ar an gCarn i gceantar Dhún Bile thart ar 2.50 rn.
Bhásaigh an tiománaí ar an láthair tar éis den charr claí a bhualadh.
Tá a chorp tugtha go hOspidéal Ginearálta Naomh Lúcás i gCathair Chill Chainnigh áit a gcurfar scrúdú iarbháis air a deir na Gardaí.
Tá an bóthar dúnta agus scrúdú dlí-eolaíoch le cur ar láthair na tubaiste.

Tá na Gardaí ag iarraidh labhairt le éinne a bhfuil aon eolas acu faoin méid a tharla, go háirid tiománaithe a bhfuil deais-cheamara sa gcarr acu.
Iarrtar ar dhaoine glaoch ar stáisiún Bhaile Mhic Andáin ar 056 775 4150.