Tá Enoch Burke tagtha arís inniu chuig Scoil Ospidéal Wilson i Muilte Farannáin i gCo na hIarmhí.


Chaith sé an lá ina sheasamh os comhair na scoile in ainneoin go raibh go dtí an 2 a' chlog tráthnóna aige lena dhíspeagadh cúirte a ghlanadh.

Faoi ordú cúirte bhí aige go dtí an 2 nó thosófaí ag gearradh €700 sa ló d'fhíneáil ar an múinteoir scoile a briseadh as a phost an tseachtain seo caite.


A athair arís inniu a d'fhág an Búrcach ag an scoil ag ceathrú chun a 9 ar maidin agus d'fhan sé ann gur chríochnaigh na ranganna.


Nuair a cheistigh iriseoirí é níor thug sé freagra nuair a fiafraíodh dó an mbeadh sé ag gabháil os comhair na cúirte i rith an lae.


Rialaigh an Ardchúirt inné go mbeadh €700 sa ló le gearradh air gach lá a ndiúltaíonn sé géilleadh d'ordú na cúirte fanacht glan ar an scoil.


Ina theannta sin rialóidh an chúirt an 10ú Feabhra cé a íocfaidh na costais dlí go dtí seo, "costas a d'fhéadfadh a bheith fíor-ard ar 'saga' chomh fadálach" a dúirt an Breitheamh Brian O'Moore.


Muna ngéileann an Búrcach d'ordú na cúirte a dúirt an Breitheamh beifear ag gearradh beagnach €5,000 sa tseachtain air.


"Ba chóir go gcuirfeadh an tsuim sin ina luí air an freastal fánach atá ar bun aige a chaitheamh in aer" a dúirt an Breitheamh.


Ach muna gcuireann a dúirt sé, is féidir i gcónaí an fhíneáil a mhéadú.


Bhris Bord Bainistíochta Scoil Ospidéal Wilson as a phost an múinteoir Dé hAoine seo caite tar éis éisteacht smachta lenar bhain aighneas agus clampar.


Cuireadh an Críostaí Soiscéalach ar fionraí ar phá iomlán anuraidh de bharr eachtraí aighnis tar éis dó diúltú d'iarratas ón bpríomhoide.


Dhiúltaigh an múinteoir ar bhonn leanúnach glacadh le hiarratas an t-ainm a bhí ó dhuine de na daltaí ar scoil a úsáid agus dhiúltaigh sé an forainm 'iad' a úsáid mar a bhí ón dalta, duine trasinscneach.


Is de bharr sraith eachtraí ina dhiaidh sin a cuireadh ar fionraí é.