Ní bheidh ar bheirt ghníomhaí síochána atá i mbun feachtais le fada ag Aerfort na Sionna tréimhse a dhéanamh sa bpríosún tar éis dóibh a bheith ciontaithe i dtreaspás a dhéanamh ar rúidbhealach ag an aerfort.

Fritheadh neamhchiontach an bheirt i gcúisiú a bhí curtha ina leith faoi dhamáiste coiriúil a dhéanamh tar éis dóibh damáiste a dhéanamh d'eitleán cogaidh de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe.

78 atá Edward Horgan atá i mbun agóide le fada sa tSionainn

Ciontaíodh Edward Horgan (78) iar-shaighdiúir Airm, agus Dan Dowling (39) státseirbhíseach, as treaspás a dhéanamh agus hordaíodh dóibh €5,000 an duine a íoc le tearmann do mhná i gCo an Chláir.

Bhí sé séanta ag an mbeirt acu, Dowling as Port Láirge agus Horgan as Luimneach, go raibh damáiste coiriúil déanta acu den eitleán ag Aerfort na Sionna, an 25ú de mhí an Aibreáin 2017.

Le linn trialach a mhair 10 lá i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath dúirt an bheirt leis an ngiúiré gur thug siad faoina gcuid gníomhartha "ar an mbonn ionraic" gur chóir a leithéid a dhéanamh ar mhaithe le daoine eile a chosaint.

Chuaigh na fir i mbun uiríolla dlí ar a son féin os comhair na cúirte.

Tar éis 4 uair a' chloig machnaimh chiontaigh an giúiré iad sna cúisimh a bhain le treaspás a dhéanamh, - cionta achomair.

Agus í ag gearradh pionóis orthu mhol an Breitheamh Martina Baxter an bheirt fhear as a gcuid "macántacht, stuaim agus dínit le linn na trialach".

Dúirt sí nach raibh údar ar bith nach mbeadh cead ag Edward Horgan agus ag Dan Dowling leanacht lena gcuid agóidí míosúla ag an aerfort, ach chuir sí fainic orthu a bheith síochánta ina gcuid agóidíochta.