Creideann Gobharnóir an Bhainc Cheannais, Gabriel Makhlouf, go bhfuil 0.5% d'ardú eile fós ag teastáil ar rátaí aisíocaíochta ag cruinniú Bhanc Ceannais na hEorpa an tseachtain seo chugainn.

Gabriel Makhlouf

Deir sé freisin gur dóigh leis gur cheart a mhacasamhail a dhéanamh sa Márta - sin 1% d'ardú sa mbreis ar rátaí úis as seo go ceann ráithe.

Le bliain anuas tá 2.5% d'ardú tagtha ar na rátaí aisíocaíochtaí ar mhorgáistí agus ar iasachtaí i gcoiteann.

Os comhair an gComhchoiste Oireachtais um Airgeadais agus Chaiteachais Phoiblí tráthnóna dúirt an Gobharnóir go raibh arduithe sa mbreis de dhíth le srian a chur ar an mboilsciú, atá ag maolú a deir sé ach atá fós ró-ard.

Urlabhraí Shinn Féín ag labhairt ag an gCoiste Oireachtais

Chuir Urlabhraí Airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, i leith an Ghobharnóra go raibh an Banc Ceannais tar éis a hata a chaitheamh le lucht tithe a bhfuil a gcuid morgáistí ceannaithe ag cistí infheistíochta, "creach-chistí atá ag gearradh 7% úis agus ag éileamh na mílte euro sa mbreis ar dhaoine" a dúirt sé.

Dúirt an Gobharnóir go raibh sé "míchothrom" a leithéid a chur i leith an Bhainc agus go bhfuil siad ar a ndícheall ag iarraidh a chinntiú go bhfuil gach iasachtóir ag comhlíonadh a gcuid dualgas i gcás daoine atá i bhfiacha.