Tá achainí déanta ag pobal i dtuaisceart Chondae Chorcaí go gcuirfeadh Músaem Victoria and Albert i Londain Shasana cuntas cruinn cuimsitheach le ceann de na hiarsmaí creidimh is ársa de chuid na tíre seo.


Ina theannta sin creideann Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre sa gcondae, Seán Sherlock, gur chóir cainteanna oifigiúla a chur sa tsiúl leis an Ríocht Aontaithe féachaint an féidir an chailís a thabhairt ar ais go hÉirinn.

An Victoria & Albert i Londain


Is as ceantar Átha Trasna a mhaightear a tháinig Cailís Chnocán Uí Chaoimh aimsir na bPéindlithe, tráth ar mharaigh Fórsaí Shasana beirt shagart san áit.


Ar thalamh mhuintir Uí Chaoimh in aice le Áth Trasna tá crann seiceamair leis na céadta bliain.


Is ann i mbéaloideas na háite a deirtear a maraíodh na sagairt agus iad ag rá an aifrinn sa mbliain 1680.


Deirtear gur éirigh leo an chailís a chur i bhfolach sular cuireadh den tsaol iad.


200 bliain dár gcionn a díoladh é le iarsmalann an V & A i Londain.


Meastar go bhfuil Cailís Chnocán Uí Chaoimh ar cheann de na hiarsmaí is sine de chuid an chreidimh Chaitlicigh i nÉirinn. Tá an bhliain 1590 greanta inti.


San V & A níl aon trácht san gcur síos ar stair na cailíse ar Áth Trasna ná ar an deireadh brúidiúil a fuair an bheirt chléireach.


Tá Seomra na Nuachta fós ag feitheamh le ráiteas ón Victoria and Albert.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 ag 1900.