Tá faitíos ar dhaoine in Árainn go bhfuil rás an Naomh Éanna rite agus tuilleadh dochair déanta den soithíoch le seachtain anuas.


Chaith an long os cionn 30 bliain ag cur seirbhís farantóireachta ar fáil do mhuintir an oileáin, idir Cill Rónáin agus Cathair na Gaillimhe, ó dheireadh na gCaogadaí go dtí 1988.

An long ar an gCanáil Mhór cúpla bliain ó shin


Ó shin tá sí tarraingthe le céibh ag Duga na Canálach Móire i mBaile Átha Cliath agus drochbhail uirthi.

Tá an soithíoch cois na canálach le breis is deich mbliana fichead


Theip ar chíle an Naomh Éanna san drochaimsir le gairid agus tá sí iompaithe ar a taobh san uisce le seachtain.

Le caoinchead Paal Janson

Is iomaí feachtas a cuireadh ar bun le blianta beaga anuas leis an mbád a chaomhnú agus í a thabhairt ar ais chuig an gcósta thiar ach tá an chuma ar an scéal anois a deir Micheál Ó Goill, Cathaoirleach Chomharchumann Inis Mór, nach mbeidh sí ag treabhadh na dtonn níos mó.

Ábhar mór díomá é do mhuintir Árann, a deir Mícheál, a bhí ag súil go dtabharfaí slán lá éigin í.

"Sílimse go bhfuil sé i bhfad ródhéanach tada a dhéanamh leis an mbád anois. Is dócha go bhféadfaí féachaint anois an féidir giotaí den bhád a thabhairt siar go hÁrainn le léiriú os comhair an tsaoil agus le taispeáint don líon mór turasóirí a bhíonn ag teacht againn gach uile. Sílim go gcuirfí fáilte roimhe sin."

Paisinéirí ar bhád farantóireachta an Naomh Éanna

Cúig bhliana ó shin chuaigh Sam Field Corbett i mbun feachtais ag iarraidh go ndéanfaí músaem, nó óstán nó café den Naomh Éanna.

30 bliain a chaith sí ag tuairteáil na farraige ar Loch Lurgan

Theip ar an ngrúpa tacaíochta a bhunaigh sé a ndóthain airgid a bhailiú áfach agus níorbh fhéidir na moltaí a thabhairt chun críche.


Tá an suíomh ina bhfuil an bád suite faoi láthair ar léas ag NAMA.

Dúirt NAMA le Nuacht TG4 tráthnóna go dtuigeann siad go bhfuil "bearta idir lámha ag an gComhlacht Déantúsaíochta Long agus Báirsí leis an Naomh Éanna a dhaingniú agus go bhfuil roghanna eile á gcur san áireamh faoi láthair".


Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Donncha Ó Murchú ar Nuacht TG4 ag 1900