Tá an Ghearmáin le tancanna den déanamh Liopard a 2 a sheoladh go dtí an Úcráin agus tá siad chun cead a thabhairt do thíortha eile iad a ath-onnmhairiú le cur sa gcogadh freisin.
Urlabhraí Rialtas na Gearmáine Steffen Hebestreit a dhearbhaigh an méid sin ar maidin.
Deir an Rialtas gurbh é an aidhm dhá chathlán a ullmhú agus chuige sin seolfar 14 Liopard a 2 ar dtús báire chun na hÚcráine.

320 tanc den déanamh sin atá ag Arm na Gearmáine ach ní nochtóidh Roinn Cosanta na tíre cén líon acu siúd atá faoi réir chun catha.

Tosnófar go luath a deir Beirlín ag cur saighdiúirí de chuid na hÚcráine faoi oiliúint - rud a dhéanfar i limistéar na Gearmáine - agus cuirfidh an Ghearmán tacaíocht lóistíochta agus armlóin ar fáil freisin.
Creidtear go bhfuil Meiriceá chomh maith ar tí fógra a dhéanamh faoina gcuid tancanna féin, an Abrams M a 1, a sheoladh chuig Rialtas Kív.
Meastar go bhfuil Washington ag breithniú 30 tanc Abrams a chuir anonn.

Arís aréir rinne Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky achainí ar chumhachtaí móra an Domhain Thiar na tancanna is nua-aimseartha atá ar fáil a chur chucu go beo agus iad ag seasamh in aghaidh ionradh na Rúise a thosaigh 11 mí sa lá inniu.
Tá Rialtas Mhoscó tar éis fainic a chur ar an saol mór gur "géarú ar an gcogadh" a bheadh ann airm den tsaghas sin a cheadú don Úcráin agus tá feidhmeannaigh ar leith arís i mbun foláirimh faoin gcontúirt faoi "anachain dhomhanda".
Ag troid anois in aghaidh "Chumhachtaí an Iarthair i gcomhar" atá an Rúis a deir an Kremlin.
Tá os cionn 1,000km faoin tráth seo sna línte tosaigh in oirthear agus i ndeisceart na hÚcráine ach níl cor astu le 2 mhí, théis a bhfuil de mharú agus leonadh tarlaithe ar an dá thaobh sa gcogaíocht.