Tá an múinteoir Enoch Burke tar éis filleadh inniu ar Scoil Ospidéal Wilson i Muilte Farranáin i gCo na hIarmhí.
Briseadh an Búrcach as a phost sa scoil an tseachtain seo caite ach bhí sé ar ais os comhair na scoile ag 8.45 ar maidin.

A athair Seán a d'fhág ag an scoil é. Tá an t-oide ina sheasamh os comhair na scoile ó thosaigh na ranganna ar maidin.
Bhí sé ar an láthair faoi dhó inné. Gabhadh an chéad uair é faoi Acht an Oird Phoiblí ach d'fhill sé ar Scoil Wilson nuair a scaoileadh saor é tar éis lóin.
Chaith Enoch Burke beagnach 4 mhí i bPríosún Mhuinseo roimh an Nollaig nuair a dhiúltaigh sé cloí le hordú cúirte fanacht glan ar an scoil fad is a bhí sé ar fionraí ón obair.
Cuireadh ar fionraí ar phá iomlán é anuraidh fad is a bhí próiseas smachta ar bun faoi eachtraí aighnis tar éis don mhúinteoir diúltú go leanúnach an forainm 'iad' a thabhairt ar dhalta scoile agus diúltú an t-ainm atá ar an dalta a thabhairt orthu.