Tá cumann peile Watty Graham as an nGleann i gCo Dhoire le achomharc a lorg ó Lárchoiste Smachta na gComórtas (an CCCC) i gCumann Lúthchleas Gael ar an toradh a bhí ar chluiche ceannais Chraobh Clubanna na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite.
Ag cruinniú fada aréir a déanadh an cinneadh achainí a dhéanamh faoi 16 imreoir a bheith ar an bpáirc ag Crócaigh Chill Mochuda sna soicindí deireadh den chomhrac ar Pháirc an Chrócaigh.
Agus an cluiche fós idir dhá cheann na meá, nuair a bhí an cumann as Baile Átha Cliath 2 phointe chun tosaigh, bhí fear sa mbreis ar an bpáirc acu nuair a d'fhan Dara Mullin san imirt cé go raibh ionadaí curtha isteach sa gcoimhlint ina áit.

Sárú ar Riail 6.44 de rialacha CLG é imreoir sa mbreis a bheith ar an bpáirc.
Tá pionóis ar leith luaite leis: an bua a bhronnadh ar an bhfoireann eile; athimirt a ordú; nó fíneáil a ghearradh.
Bhí go dtí 3.30 inniu ag cumann na Gleanna achomharc a lorg agus bhí sé ráite acu ó thús na seachtaine go raibh siad "thar a bheith díomách" nach bhfiosródh Cumann Lúthchleas Gael an raibh nó nach raibh an riail sáraithe, gan achomharc oifigiúil a bheith déanta ag an gclub a bhí thíos leis.
Gan an cluiche i bhfad thart Dé Domhnaigh dúirt bainisteoir CLG Watty Graham, Malachy O' Rourke, go "nglacann muid leis go bhfuil muid buailte" ach ina dhiaidh sin d'athraigh dearcadh an chumainn agus socraíodh a ghabháil sa tóir ar achomharc.