Lá ollmhór a bhí ann do na hÉireannaigh i Los Angeles inniu agus 14 ainmniúchán Oscar ar fad faighte ag aisteoirí, scannáin agus stiúrthóirí Éireannacha, ina measc, An scannán Gaeilge, An Cailín Ciúin, The Banshees of Inisherin, na haisteoirí Colin Farrell, Brendan Gleeson, Barry Keoghan, Kerry Condon, agus Paul Mescall agus an scríbhneoir agus stiúrthóir Martin McDonagh.

Tá an fadscannán Gaeilge 'An Cailín Ciúin' ainmnithe do ghradam Oscar sa chatagóir don 'Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr'.

Bhí An Cailín Ciúin i measc 15 scannán idirnáisiúnta eile a bhí san iomaíocht sa chatagóir sin do 5 ainmniúchán Oscar.

Is é An Cailín Ciúin, an chéad scannán Gaeilge riamh a bhfuil sé seo bainte amach aige.

Roghnaigh IFTA an scannán Gaeilge i mí Lúnasa seo caite le cur ar aghaidh ar son na hÉireann don chatagóir. Beidh ceithre scannán eile ó fud fad na cruinne san iomaíocht sa chatagóir céanna leis an scannán Gaeilge.

Is iad sin All Quiet on The Western Front, (An Ghearmáin) 'Argentina, 1985, (An Airgintín) 'Close', (An Bheilg) agus 'EO', (An Pholainn) .

Scéal Cháit (Catherine Clinch), cailín óg naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe mífheidhmiúil a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh atá faoi chaibidil sa scannán, An Cailín Ciúin.

Is é An Cailín Ciúin an chéad fadscannán ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus is í Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal a léirigh an scannán.

Coimisiúnaíodh an scannán trí scéim Cine4 ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Ag labhairt faoin ainmniúchán, dúirt an Scríbhneoir/Stiúrthóir, Colm Bairéad agus Léiritheoir an scannáin, Cleona Ní Chrualaoi ón gcomhlacht léiriúcháin Inscéal:

" Is mór an onóir dúinn é agus ní chreidimid é go bhfuil An Cailín Ciúin ainmnithe le haghaidh gradaim ag an 95ú bliain de Dhuaiseanna an Acadaimh. Is ócáid fíorstairiúil agus fíorthábhachtach í seo do scannáin na hÉireann, do mhuintir na hÉireann agus don Ghaeilge. Cheana riamh níor ainmníodh scannán Éireannach sa chatagóir seo. Cheana riamh ní bhfuair an ealaín Ghaeilge a leithéid d'ardán. Is ónár gcroí amach a tháinig an scannán seo agus is ardú croí a bhí ann dúinn an lucht féachana ar fud an domhain a fheiceáil ag glacadh leis isteach ina gcroí. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le comhaltaí an Acadaimh as glacadh go fonnmhar leis An Cailín Ciúin agus as an scannán a chur os comhair an domhain mhóir. Tá buíochas ollmhór le glacadh againn freisin le lucht maoinithe an scannáin seo; TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann, Gradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann, Bankside Films agus lenár ndáileoirí iontacha ar fud an domhain".

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont

"Tá an-chion go deo ag lucht na bpictiúrlann ar fud an domhain ar ‘An Cailín Ciúin’, agus tá curiarrachtaí domhanda bainte amach aige. Tá sárshaothar clasaiceach cruthaithe ag Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoí agus is cúis mhór bróid é sin, dúinne a labhraíonn an teanga seo agus do na daoine ar fud an domhain a thuigeann an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge do chultúr agus do chruthaitheacht na hÉireann. Tréaslaím le gach duine a chruthaigh an scannán seo – an chliar agus an criú, mo chomhghleacaithe féin i TG4 agus ár gcomhpháirtithe i bhFís Éireann agus in Údarás Craolacháin na hÉireann. Ba é an aidhm a bhí le scéim ‘Cine4’ scannáin Ghaeilge a chur chun cinn do phobal na Gaeilge ach i ndáiríre tá athrú ó bhonn tagtha anois ar earnáil scannánaíochta na hÉireann mar gheall uirthi. Réitigh Colm agus Cleona an bealach i dtreo Ghradam Oscar agus inniu déanaimid ceiliúradh ar an éacht ollmhór sin. "

9 n-ainmniúchán atá faighte ag an scannán 'The Banshees of Inisherin'.

Tá ainmniúchán faighte ag an scríbhneoir-stiúrthóir, Martin McDonagh sna catagóirí: Scannán is fearr, Stiúrthóir is fearr agus don bhunscript scannán is fearr.

Tá aisteoirí agus laochra móra an scannáin ainmnithe chomh maith.

Tá an t-aisteoir Kerry Condon ainmnithe sa chatagóir don Bhan-aisteoir Tacaíochta is fearr.

Kerry Condon

Tá Colin Farrell ainmnithe do ghradam Oscar don aisteoir is fearr agus tá Brendan Gleeson agus Barry Keoghan beirt ainmnithe sa chatagóir don Aisteoir Tacaíochta is fearr.

Brendan Gleeson agus Colin Farrell sa scannán The Banshees of Inisherin

Seo an chéad uair dóibh go léir ainmniúchán do ghradam Oscar a fháil.

Barry Keoghan

Tá an t-aisteoir Paul Mescall ainmnithe sa chatagóir don Aisteoir is fearr dá ról sa scannán Aftersun.

Paul Mescal

Tá an scannán ó Thuaisceart Éireann 'An Irish Goodbye' i measc na scannán atá ainmnithe sa chatagóir don Gearrscannán Aicsin Beo is fearr.

Fógrófar na Gradaim ag searmanas galánta in Amharclann an Dolby i Los Angeles ar an 12ú Márta.