Tá Banc na hÉireann le rátaí úis do chustaiméirí le mórgáistí ar ráta seasta a ardú arís.

Thug an Banc le fios inniu go bhfuil siad le rátaí úis do roinnt mórgáistí agus táirgí éarlaise a ardú. Tagann an scéal seo na sála ar ardaithe do 2.5% ó Bhanc Ceannais na hEorpa ó Mhí Iúil seo caite.

Tá sé fógartha ag an mBanc go n-ardófar rátaí úis do chustaiméirí le morgáistí ar ráta seasta 0.75% ón lá inniu amach.

D'fhógair an Banc chomh maith go n-ardófar an ráta seasta atá ar fáil do chustaiméirí reatha 0.5%, san áireamh anseo, bheadh custaiméirí atá ag druidim i dtreo dheireadh na tréimhse i dtaca lena ráta seasta agus atá ag iarraidh socrú seasta eile dhéanamh maidir lena morgáiste, rátaí rianúcháin nó custaiméirí le ráta athraitheach a bhfuil fonn orthu aistriú go ráta seasta.