Tugadh fear 30 bliain d'aois os comhair na cúirte Dúiche i gCorcaigh agus é cúisithe i ndúnmharú Matthew Healy, othar aosta in ospidéal na Trócaire sa chathair sin.

Matthew Healy

Cúisíodh Dylan Magee,30 bliain d'aois, as Faiche Pháirc na hEaglaise i gCorcaigh, i ndúnmharú Matthew Healy a bhí 89 bliain d'aois in ospidéal na Trócaire, i gcathair Chorcaigh, ar an 22ú Eanáir.

Cuireadh an fear siar faoi choiméad agus tiocfaidh sé os comhair na cúirte arís ar nasc físe Dé Luain seo chugainn.