Tá fear á cheistiú maidir le heachtra lámhaigh inar maraíodh seachtar dá chuid comhghleacaithe os comhair leanaí ag dhá shuíomh éagsúla in California.

Glaodh ar na seirbhísí éigeandála go dtí dhá fheirm i gContae San Mateo, i gceantar feirmeoireachta Half Moon Bay, ó dheas do San Francisco, áit go bhfuarthas daoine marbh agus gortaithe.

Gabhadh Chunli Zhao, 67 bliain d'aois, go gairid ina dhiaidh sin.

Tá Zhao á choinneáil agus á cheistiú ag poilíní. Tuairiscítear go bhfuarthas gunna láimhe leath-uathoibríoch ina ghluaisteán.

Tuigtear gur oibrithe feirme de bhunú na Síne agus Mheiriceá a bhí sna daoine a maraíodh agus a gortaíodh.

Ní fios fós cén údar a bhí leis an eachtra lámhaigh a tharla i gceantar faoin tuath.