Chuaigh Enoch Burke chomh fada le Scoil Wilson's Hospital i gContae na hIarmhí ar maidin, in ainneoin gur briseadh as a phost é Dé hAoine seo caite agus d'fhill sé ar an scoil arís tráthnóna.

Tháinig Enoch Burke chomh fada leis an scoil ag 8.38am ar maidin i ngluaisteán a bhí á thiomáint ag a athair.

Dé hAoine seo caite, i ráiteas a d'éisigh duine do dheartháireacha Enoch Burke, tugadh le fios go raibh Enoch Burke briste as a phost ag an scoil.

Dúradh gur déanadh an cinneadh i ndiaidh cruinniú a bhí ag Bord bainistíochta na scoile in óstán ar an Muileann gCearr.

Tháinig na Gardaí go dtí Scoil Wilson's Hospital ag 11.15 ar maidin agus d'fhág siad an láthair ag 12.41pm le Enoch Burke i gcúl an ghluaisteáin acu.

Gabhadh Enoch Burke faoin Acht Oird Phoiblí agus tugadh é go stáisiún na nGardaí ar an Muileann gCearr.

Scaoileadh Enoch Burke saor arís tráthnóna agus d'fhill sé ar an scoil.

Enoch Burke taobh amuigh den scoil tráthnóna

Tháinig Príomhoide na scoile Frank Milling amach go dtí geata na scoile a bhí dúnta agus dúirt sé le Enoch Burke nach raibh cead isteach aige.

Déardaoin seo caite, reáchtáladh éisteacht smachtaithe agus Dé Céadaoin, dhiúltaigh an Ard-Chúirt urghaire cúirte a cheadú do Enoch Burke chun stop a chur leis an éisteacht sin.

Enoch Burke

Cuireadh Enoch Burke chun príosúin i Mí Mheán Fómhair nuair a sháraigh sé urghaire Ard-Chúirte a bhí ag treorú do fanacht glan ar an scoil.