Tá sé deimhnithe ag an bhfear gnó Michael Stone gur íoc sé €1,406.20 chun cabhrú le póstaeir a chur in airde do Phaschal Donohue le linn fheachtas olltogchánaíochta 2020.

I ráiteas ó Mhichael Stone, dúirt sé gur íoc sé seisear chun cabhrú le póstaeir a chur suas do fheachtas olltoghchánaíochta Phaschal Donohue i 2020.

An fear gnó, Michael Stone

Dúirt sé gur tharla an obair seo thar 5 lá le linn na tréimhse stocaireachta, roimh agus i ndiaidh lá na vótála ar chostas €972.

Thug Michael Stone le fios chomh maith gur chuir sé veaineanna ar fáil do na daoine a bhí i mbun na hoibre don achar ama a thóg sé na póstaeir a chur suas agus go raibh luach tráchtála €434.20 i gceist leis an obair seo.

Dúirt Michael Stone gur chur an tAire Donohoe ceist air i Mí na Nollag an raibh cabhair tugtha aige le feachtas olltoghchánaíochta 2020 agus dúirt an fear gnó gur cheap sé trí dhearmad, ag an am sin, nach raibh.

An tAire Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohue

Ar an 18ú Eanáir, dúirt Michael Stone gur thug sé le fios don Aire gur botún a bhí anseo agus gur chuir sé an tAire ar an eolas go raibh cabhair tugtha aige i 2020.

Dúirt Michael Stone gur eagraíodh an chabhair seo a tugadh i 2020 trí bhall do fhoireann Fhine Gael i dtoghcheantar Bhaile Átha Cliath Láir agus nach raibh sé pléite leis an Aire Donohue ag an am.

Dúirt Michael Stone go raibh an-aifeála go deo air faoi agus faoi na deacrachtaí ar fad atá cruthaithe ag an scéal don Aire Donohue.

Dúirt Michael Stone go bhfuil sé tar éis éirí as a ról mar chathaoirleach ar Bhord Feidhmnithe Chlár Ionchathrach Oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath agus as an Ghníomhaireacht Forbartha Talún chomh maith.

An fear gnó Michael Stone

Tá Paschal Donohue le ráiteas eile a dhéanamh sa Dáil tráthnóna maidir lena chuid costaisí olltoghchánaíochta.