Ina ráiteas deireadh bliana, deir Údarás na Gaeltachta gur chruthaigh comhlachtaí Gaeltachta 945 post nua i rith 2022. Nuair a bhaintear amach postanna a cailleadh sa tréimhse chéanna, 151 é an glanmhéadú san fhostaíocht bhliantúil.

Fágann na figiúirí seo gur 8235 post a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag tús na bliana. Cruthaíodh líon suntasach postanna, a deir an ráiteas, in earnálacha na déantúsaíochta nideoige, na turasóireachta agus na teanga. Deir an tÚdarás go léiríonn sé seo 'seasmhachta agus buanadas' sa mhargadh fostaíochta Gaeltachta.

Chonaic Gaeltacht Chiarraí an fás is mó san fhostaíocht anuraidh, agus glanmhéadú de 83 post ann: sin ardú 13% agus is ionann é agus níos mó ná leath den ghlanmhéadú iomlán 151.

Cruthaíodh 278 post nua i nGaeltachta na Gailllimhe anuraidh ach nuair a áirítear na postanna a cailleadh sa réigiún, bhí titim 53 post san fhostaíocht sna clianthcomhlachtaí.

Seo a leanas na figiúirí fostaíochta do na ceantair Gaeltachta uile:

Athruithe fostaíochta sna Gaeltachtaí uile

Ar na dúshlán a bhain le 2022, bhí an t-ardú ginearálta ar chostais, an t-ardú ar chostais bhreosla, ‘timpeallacht leochaileach trádála go hidirnáisiúnta de bharr corraíle geopholaitíochta’ agus é seo ar fad i gcomhthéacs thionchar na páindéime Covid-19. Ach maíonn an tÚdarás go bhfuil "seasmhacht léirithe ag comhlachtaí Gaeltachta agus téarnamh áirithe feicthe sa bhfostaíocht, atá á thiomáint ag nuálaíocht na gcomhlachtaí".

Maíonn Údarás na Gaeltachta gur fiú níós mó ná €1bn sa bhliain, luach dhíólacháin chliantchomhlachtaí an Údaráis.

Tá fainic bheag curtha ag an Údarás leis na figiúirí seo ó 2022: de bharr mhodheolaíocht nua bheith in úsáid i mbliana, ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach leis na figiúirí a fógraíodh do 2021 agus na blianta roimhe sin. Tá obair ar bun go leanúnach ar na modheolaíochtaí agus na bunachair sonraí, a deir an ráiteas deireadh bliana.

Pleanáil Teanga

Ceann de na tograí is mó atá curtha ar bun ag Údarás na Gaeltachta é an córas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Deir an ráiteas go raibh pleananna teanga á bhfeidhmiú i 24 de na 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus in dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) faoi dheireadh na bliana seo caite. Maítear go mbeidh tús á chur le feidhmiú na bpleananna teanga sa dá Limistéar Pleanála Teanga eile, An tEachréidh agus Bearna & Cnoc na Cathrach, go luath in 2023. Tá infheistíocht iomlán bhliantúil de €3.2 milliún i gceist do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga atá ceadaithe.

I measc na dtograí eile a seoladh i rith 2022, bhí Glúin Z, togra é seo atá dírithe ar aos óg na Gaeltachta, a bheas ina "bhunchloch do straitéis an Údaráis i leith na hóige sna blianta amach romhainn".

Deir an tÚdarás gur neartaíodh an gréasán gteic arís eile in 2022 agus go raibh os cionn 430 duine ag obair i 27 mol digiteach ag deireadh na bliana.

Tháinig ardú substaintiúil ar an maoiniú do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí forbartha pobail, rud a chuirfidh ar a gcumas pleananna uaillmhianacha a chur chun cinn, i gcomhar leis an Údarás.

Cur chuige 2023

Deir an tÚdarás go mbeidh béim ar leith i mbliana ar ‘An Ghaeltacht Ghlas’, togra staitéiseach a fhéachfaidh le bearta fuinnimh in-athnuaite agus gníomhaíochtaí athrú aeráide a cur i bhfeidhm in ionaid an Údaráis féin agus ina chliantchomhlachtaí.

Mar chuid den sin, leanfar leis an tacaíocht d’fhorbairt Ros a’ Mhíl mar ‘láthair straitéiseach chun freastal ar earnáil an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.

Féachfar leis an ngréasán gteic a neartú , foilseofar straitéis mionfhiontraíochta go luath in 2023, tabharfar tacaíocht d’earnáil na turasóireachta, leanfar le cur chun cinn tograí straitéiseacha infreastruchtúir turasóireachta ar nós Choláiste Íosagáin, agus leanfar freisin leis an Scéim Forbartha Turasóireachta, ar cuireadh bonn láidir faoi in 2022.

I measc na dtograí teanga, beidh béim ar ar an óíge ag teacht i dtír ar thaighde an togra Glúin Z, beidh taighde ar bun faoi bhealaí leis an nGaeilge a neartú sna cliantchomhlachtaí, san earnáil miondíola agus fáilteachais, agus i measc an aosa óig.

Deir Tomás Ó Síócháin, priomhfheidhmeannach nua an Údaráis. gur léiriú é an ráiteas deireadh bliana ar an ‘gcomhfhiontar fadbhunaithe idir pobal na Gaeltachta, cliamhchomhlachtaí móra agus beaga, lucht taighde agus léinn agus foireann agus Bord Údarás na Gaeltachta’.

Chuir Catherine Martin, an tAire Turasóireacht, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán agus an tAire Stáit Gaelachta Patrick O’Donovan fáilte roimh na figiúirí fostaíochta i ráiteas an lae inniu.