I gCúirt Dúiche Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall cuireadh siar faoi choinneáil Gary McGinley - fear 35 bliain d'aois as Caisleán na Finne - atá cúisithe i ndamáiste coiriúil agus i gcoirloscadh a dhéanamh ar charr Gardaí os comhair stáisiún na nGardaí i gCaisleán na Finne maidin Dé Sathairn.

Diúltaíodh é a ligean amach ar bannaí.

Cuireadh 2 chúis ina leith faoi dhamáiste coiriúil agus coirloscadh a dhéanamh ar charr patróil den déanamh Hyundaí i30 ag stáisiún na nGardaí moch maidin Dé Sathairn seo caite.

Luach €10,000 atá curtha ar an dochar a déanadh den charr.

Teach na Cúirte i Leitir Ceanainn

Thug an Bleachtaire Robin Doyle ó stáisiún Leifear fianaise gur dhúirt Gary McGinley "I'm sorry" nuair a cuireadh na cúisimh ina leith ag a 5 a' chlog maidin inné.

D'iarr a dhlíodóir Patsy Gallagher bannaí dá chliant ach chuir an Sáirsint Jim Collins ina éadan sin.

Dhiúltaigh an Breitheamh Éiteáin Cunningham bannaí dó ar an údar a dúirt sí go bhfuil na cúisimh ina leith chomh tromchúiseach.

Chuir an Breitheamh siar faoi choinneáil Gary McGinley le theacht os comhair cúirte ar nasc-físe Déardaoin.

D'ordaigh sí go gcuirfí gach cabhair shíciatrach agus shíceolaíoch ar fáil dó agus go gcuirfí dochtúir an phríosúin ar an eolas faoi aon riachtanas leighis a bheadh aige.